Galatians 5:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ólachán, dreabhlas, agus a leithéidí eile: fógraim daoibh roimh ré, mar adubhras libh cheana, na daoine chleachtas a leithéidí sin, nach bhfaighidh siad oidhreacht i ríoghacht Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
an formad, an t-ólachán, an phótaireacht, agus a leithéidí eile. Tugaim daoibh an rabhadh úd a thug mé daoibh roimhe, nach mbeidh lucht cleachta na ngníomhartha sin ina n-oidhrí choíche ar ríocht Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
éad, murdail, meisce, ragairne, agus a leithéidí eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad Ríocht Dé mar oidhreacht.