Galatians 6:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An mhéid lér mían íad féin do thaisbéunadh go sgíamhach sa ccoluinn, cuirid dfíachuibh oruibhse an timchillghearradh do ghabhail chuguibh; amháin deagla go ndéantáoi gérleanmhuin orrtha ar son chroíthe Chríosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An dream gur mian leo éirghe go mórdhálach san bhfeoil, cuireann siad d’fhiachaibh oraibh timcheall‐ghearradh do dhéanamh; sin chum nach ndéanfidhe géirleanmhain ortha ar son croise Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iad an dream a bhíos i bhfáth le dea-chuma chollaí a thaispeáint a bhíos ag iarraidh a thabhairt oraibh glacadh le timpeallghearradh, ach ní dhéanann siad amhlaidh ach le teacht saor iad féin ó ghéarleanúint ar son chrois Chríost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d' aidhm acu ach go n-éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iad-san ar mhaith leo a bheith taibhseach sa cholainn agus gan dʼaidhm acu ach go n-éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost.