Galatians 6:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an dream sin féin atá timchillghearrtha ní choimhéuduid síad an reachd; achd as mían ríu sibhse bheith timchillghearrtha, chum mórdhála do dhéunamh dhóibh as bhur bhfeóil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an dream sin féin atá timcheall‐ghearrtha, ní choimheádann siad an dlighe; acht do b’áil leo sibh‐se bheith timcheall‐ghearrtha, chum go mbéadh adhbhar maoidhmheachais aca as bhur bhfeoil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an dream sin a ghlacas le timpeallghearradh, ní bhíonn siad féin ag coimeád an dlí, ach is mian leo sibhse a thimpeallghearradh ionas go mbí ábhar maíte as bhur gcolainn acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d' fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeall-ghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibh-se a bheith timpeallghearrtha dʼfhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.