Galatians 6:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd déunadh gach áon a obair féin dearbhtha, agus mar sin biáidh adhbhar gáirdeachais aige dhá tháobh féin amháin, agus ní do tháobh dhuine eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht scrúduigheadh gach duine a ghnó féin, agus annsin béidh adhbhar maoidhmheachais ’n‐a thaobh féin aige, ní i dtaobh an duine thallé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach scrúdaíodh gach duine a shaothar féin, ionas go n-altaí sé leis féin é gan baint den chomharsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile.