Genesis 14:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó mharbhadh Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, an gleann Sabheh, eadhon gleann an rígh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin).