Genesis 19:33 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadar ar a nathair fíon dól a noidhchesin: agus do chúaidh an bhean budh sine a steach, agus do lúigh le na hathair; agus níor mhothuigh se a nuáir do luigh, nó a nuáir do éirigh si,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuireadar an t-athair ar meisce le fíon an oíche sin, más ea, agus chuaigh an té ba shine isteach agus luigh sí lena hathair cé nár bhraith sé í ag teacht chun luí leis ná ag imeacht arís.