Genesis 27:29 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go ndéana puibleacha seirbhís duit, agus go numhluighe cinidheacha síos duit; bi ad thighearna ós cionn do dhearbhráithreach, agus umhluidís mic do mhathar dhuit: go má malluighe gach áon mhailleóchus tú, agus go ma beannuighe an té bheinneóchus tú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!»