Genesis 3:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an TIGHEARNA Día ris a nathair nimhe, Do bhrigh go ndéarna tú so, atá tú malluighe ós an uile áirneis, agus ós gach uile ainmhidhe an mhachaire: ar do bholg shiubhólus tú, agus luaithreadh íosas tú ar feadh uile laéthe do bheatha;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair: «De bhrí go ndearna tú an rud seo go raibh mallacht ort thar an eallach go léir, thar na hainmhithe allta go léir; beidh tú ag sní ar do bholg agus ag ithe cré, gach lá de do shaol.