Genesis 30:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuaidh Reúben amach a láethibh foghmhair na cruithneachda, agus fuáir mandrácuigh sa mhachaire, agus tug leis íad chum a mhathar Léah. Ann sin a dubhairt Ráchel ré Léah, Guidhim thú, tabhair dhamhsa cuid do mhandrácuibh do mhic.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: «Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.»