Genesis 30:32 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Rachfuidh misi tré a bhfuil do thréaduibh agad a niugh, agus cuirfidh mé ar leith a bhfuil ballach breac, agus a bhfuil don áirnéis donn a measg na ccáorach, agus a bhfuil ballach breac a measg na ngabhar, agus is díobhsin bhías mo thúarusdalsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.