Genesis 30:37 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh Iácob chuige slata glasá do chrann critheach, agus do choll, agus do chrann cnobhfrancach; agus do rinne síoga bána ionta, agus tug ar an mbán taisbeanadh do thabhairt úadh, noch do bhí ann sna slatuibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.