Genesis 34:21 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atáid na dáoinesi síothchánta rinn; uimesin áitrighidís an talamh, agus déindís malairt ann; óir féachuidh, atá an fearann fairsiong go lór dhóibh; glacam a ningheana na mnáibh chuguinn, agus tugam ar ningheana na mnaibh dhóibhsion.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tá na fir seo muinteartha linn,» ar siad, «cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n-iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n-iníonacha doibhsean.