Genesis 35:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Día ré Iácob, Eirigh, imthigh súas go Bétel agus comhnuigh ann sin: agus déun altóir ann do Dhía noch do fhoillsigh é féin duit a nuáir do theith tú ó lathair do dhearbhrathar Esau.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Dia le Iacób: «Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.»