Genesis 37:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ris, Guidhim thú, eirigh, féuch an maith a táthar ag ad dhearbhráithribh, agus an maith a táthar ag na tréuduibh; agus tabhair scéula chugam a rís. Mar sin do chuir sé amach é as gleann Hébron, agus táinig sé go Sechem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Imigh leat anois,» ar sé leis, «agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.» Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.