Genesis 43:29 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thóg seision a shúile, agus do chonnairc a dhearbhrathair Beniamin mac a mhathar, agus a dubhairt, A né so bhur ndearbhrathair as óige, air ar labhrabhair rium? Agus a dubhairt sé, Go raibh Día grásamhuil duit, a mhic.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; «An é seo,» ar sé, «an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.»