Genesis 46:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do éirigh Iacob súas ó Bhéerséba; agus do iomchradar mic Israel a nathair Iacob, agus a náos óg, agus a mná, ann sna carbuduibh chuir Phárao dhá iomchur.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin d' fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n-athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin.