Genesis 47:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin cread fá bhfuighemis bás a bhfiaghnuisi do shúl, sinn féin aráon agus ar bhfearann? ceannuigh sinn féin agus ar bhfearann ar arán, agus bíam féin agus ar bhfearann ar serbhíseachuibh ag Phárao: agus tabhair síol dúinn, ar chor go maiream, agus nach bhfuigheam bas, agus nach bía an fearann na fhásach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl sinne agus ár dtailte? Bímis féin agus ár dtailte agat dá bhrí sin mar cheannach ar bhia; beimidne lenár dtailte mar dhaoir ag Forann. Ach tabhair dúinn síol le cur chun nach bhfaighimis bás ach go mairfimis agus nach bhfágfaí an talamh ina fhásach.»