Genesis 6:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhádar aithithe ar an ttalamh ann sna laethibh sin; agus mar an ccéudna na dhiáigh sin, a nuair thangadar mic Dé a steach chum ingheana na ndáoine, agus rugadar clann dóibh, do fhásadar sin na ndáoinibh árrthachda, noch do bhí san tseanaimsir na ndáoinibh iomráiteach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.