Habakkuk 3:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan do chúaluidh mé, do chriothnuigh mo bholg, dúasnadar mo phuisine ris an ngúth: do chuáidh lobhadh a steach ann mo chnámhuibh, agus do crith mé ionnam féin, iondus go súaimhneachuinn a ló na buaidheartha: an tan thigh sé súas chum na ndaóine, ionnsochuidh sé íad le na shlúaghuibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe.