Haggai 1:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhi súil agaibh ré mórán, agus féuch, tháinic sin chum beagáin; agus an tan thugabhair don bhaile é, do shéid misi air. Cred uime? a deir TIGHEARNA na slógh. Do bhrígh mo thighe atá na fhásach, agus riothuigh gach duine aguibhsi dhá thigh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.