Hebrews 1:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nach spridí coimhdeachta iad a chuirtear amach le bheith ag freastal, mar mhaithe leis na daoine a bhfuil seilbh an tslánaithe i ndán dóibh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nach spioraid friothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.