Hebrews 1:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é lonnradh a ghlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congbhuigheas gach uile nidh le chéile le briathar a chumhachta; nuair do bhí na peacaidhe glanta aige, do shuidh sé síos ar dheas‐láimh na Mórdhachta i n‐áirde;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é scathán ghlóir Dé é, a bhfuil cló fírinneach a dhiagachta buailte air, a mbíonn a thréanbhriathar cumhachtach ag coinneáil na cruinne ina ceartseasamh. Nuair a bhí an íonghlanadh déanta aige ar son na bpeacaí, shuigh sé ar láimh dheas na Mórgachta in airde,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda