Hebrews 1:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhó ar na dhéunamh ní sa ro óirrdhearca ná na haingil, ar gur ab oirrdhearca an tainm fuáir sé ná íadsan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus d’á bhrigh sin is mó a ghradam‐san ’ná gradam na n‐aingeal, óir fuair sé ainm mar oidhreacht is mó ’ná a n‐ainm‐sean.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus tús áite aige ar aingil Dé, ó bhí ainm aige a rug barr feabhais ar a n-ainmsean.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus fuair sé gradam a oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.