Hebrews 1:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, As tú mo Mhac, a niúgh do ghin mé thú? Agus a ris, Biáidh mé um Athair aige, agus biáidh seision na Mhac agumsa?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Is tusa mo Mhac, Indiu do gheineas thú? agus arís, Béidhead‐sa im’ Athair dó, Agus béidh seisean ’n‐a Mhac dom?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar cé hé an t-aingeal sin a ndúirt Dia leis, “Is tú mo Mhac, is inniu a rinne mé do ghiniúint”? nó é seo arís, “Beidh mise i mʼathair aige, agus beidh seisean ina mhac agam.”?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: «Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú»; agus arís: «Beidh mé i m' Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa»?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i mʼAthair aige agus beidh seisean ina Mhac agam-sa”?