Hebrews 10:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir ar mbeith do sgáile na neitheann maith do bhí chum teachda ag an reachd, agus ní dealbh fíre na neitheann féin, ní féidir leis choidhche na druinge thig chuige do náomhadh ris na hiodhbarthuibhsin bhíd fhóráil do ghnáth gacha blíadhna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an dlighe, ag a bhfuil scáil na n‐aoibhneas atá le teacht, ní h‐í íomháigh fhíor na neithe féin, ní fhéadann sé na daoine thig i bhfogas d’fhoirbhiú leis na h‐íodhbarthaibh ofráltar de ghnáth ó bhliadhain go bliadhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní bhíonn ag an dlí ach scáil na maitheasaí atá le bheith ann, níl dealbh féin na nithe seo aige. Ní fhéadann sé mar sin leis na híobairtí a ofráiltear ó bhliain go chéile na daoine seo a thiocfas chucu a chur i gcrích.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráiltear na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.