Hebrews 10:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus seasuidh gach sagart go láetheamhuil ag miniosdrálachd agus ag ofráil na níodhbarthadh gcéudna go minic, ris nach féidir choídhche peacuidh chur ar gcúl:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus a fhaid agus sheasuigheann gach sagart lá i ndiaidh lae ag friotháileamh, agus go minic ag ofráil na n‐íodhbairt céadna,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bíonn gach sagart ina sheasamh gach lá ag feidhmiú i dteampall Dé, agus na híobairtí céanna á n-ofráil aige arís agus arís, nach bhféadann choíche na peacaí a thógáil de dhuine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann sé na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.