Hebrews 10:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus mar sin bímis ag teacht ar aghaidh i bhfírinne chroí agus i lándearfacht chreidimh, agus an braon croite ar ár gcroíthe a chosnós ar dhrochchoinsias iad, agusár gcoirp glanta nite i nglanuisce.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíor-uisce.