Hebrews 10:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An é nach dtuillfidh (do réir bhur mbaramhlasa,) an tí shaltras Mac Dé fá na chosuibh, agus measus fuil an chonnartha, lér náomhadh é, bheith neamhghlan, agus do bheir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró mhó ná sin?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nach ndéarfadh sibh gur daoire go mór a íocfaidh seisean as, a rinne neamhshuim ar Mhac Dé, agus a sháraigh fuil an chúnaint lenar naomhaíodh é, agus a thug masla do Spiorad na ngrást?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith droch-mheas ar fhuil an chonartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?