Hebrews 10:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhabhair ag fulang má ráon ríomsa um ghéibheannuibh, agus do ghabhabhair chuguibh go luathgháireach fádhbhadh bhur máoine, ar mbeith a fheasa aguibh ionnuibh féin go bhfuil maóin shíorruidhe as fearr ná sin aguibh ar neamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bhí trua agaibh do na príosúnaigh, agus ghlac sibh go háthasach leis an gcreach a cuireadh ar bhur maoin shaolta, ó bhí a fhios agaibh maoin ab fhearr agus ba bhuaine a bheith agaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)