Hebrews 10:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar na rádh shúas dó, Níor bháil leachd do iodhbairt ná ofráil ná iodhbartha loisge ná iodhbartha ar son pheacuigh, agus ní raibh fonn agad ionnta; (noch do nithear fhoráil réir an reachda;)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tar a éis dó a rádh de’n chéad uair, Níorbh áil liom íodhbartha agus ofrála, agus íodhbartha loiscthe, agus íodhbartha ar son peacaidh, agus ní raibh aon taithneamh agat ionnta (neithe íodhbartar do réir an dlighe),
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt sé thuas an chéad uair, “Na híobairtí agus aiscí agus íobairtí loiscthe agus íobairtí peaca ní raibh fonn agat leo ná sásamh agat iontu” (na nithe sin a ofráiltear de réir an dlí),
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sa chéad áit dúirt sé: «Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,» bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uile-loiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráiltear iad de réir an dlí.