Hebrews 10:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt seision an tan sin, Féuch, atáim ag teachd chum do tholasa do dhéunamh, a Dhé. Cuiridh sé an céud ní ar gcúl, chum an dara neithe do sheasadh dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
adubhairt sé ’n‐a dhiaidh sin, Fhéach, atáim‐se ag teacht chum do thoil do dhéanamh. Is amhlaidh atá sé ag cur an chéad nidh ar ceal, chum an dara nidh do chur ar bun.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
dúirt sé ansin an dara huair, “Féach, tháinig mise le do thoil a dhéanamh.” Cuireann sé an chéad ní ar ceal ionas go gcuire sé an dara ní ar bun.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt sé: «Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.» Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d' fhonn an dara ceann a bhunú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal dʼfhonn an dara ceann a bhunú.