Hebrews 11:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhí a shúil ris an gcathruigh úd agá bhfuil fonndameint, agár ab é Día a sáor agus a cruthaightheóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir do bhí sé ag súil leis an gcathair go bhfuil bun daingean fúithi, gur ab é Dia a h‐árd‐shaor agus a foirgnightheoir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bhi súil aige leis an gcathair sin a bhfuil bun fúithi, arbh é Dia é féin an saor a thóg í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.