Hebrews 11:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As do réir chreidimh fuaradar so uile bás, bíodh nach bhfúaradar na neithe do ghealladh dhóibh, achd go bhfacadar íad a bhfad úatha, agus tug chreideamh agus do theannadar riu íad, agus do admhuigheadar go rabhadar féin na ndéoradhuibh agus na noilírtheachuibh ar an dtalamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fuaradar‐san uile bás san gcreideamh, gan a raibh geallta dhóibh d’fhágháil, acht do chonnacadar i bhfad uatha iad, agus d’fháiltigheadar rómpa, g‐á admháil go rabhadar ’n‐a gcoigríochachaibh agus ’n‐a n‐oilithribh ar an saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Fuair siad seo uile bás i gcreideamh, gan fáil a bheith acu ar ar gealladh, ach amháin go bhfaca siad é agus gur bheannaigh siad dó agus é i bhfad uathu, agus gur admhaigh siad nach raibh iontu ach deoraithe agus díbeartaigh ar talamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d' admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus dʼadmhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.