Hebrews 11:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a nois atá a ndúil a ndúithche as féarr, eadhon, sa dúithche neamhgha: úime sin ní nár lé Día dhá dtáobhsan, a Ndía do ghairm dhe: oír do ullmhuigh sé cathair dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht anois cuireann siad dúil i ndúthaigh atá níos fearr ’ná í, dúthaigh neamhdha: uime sin ní nár le Dia go nglaodhfaidhe a nDia‐san mar ainm air: óir atá cathair curtha aige i n‐áirithe dhóibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach anois is le tir is fearr, is é sin le tir neimhe, atá siad ag tnúth. Agus mar sin de ní náire é le Dia bheith á ainmniú mar a nDia-san, mar tá an chathair ullmhaithe aige in a gcoinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.