Hebrews 11:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh, do fhoráil Abraham Isaac, an tan do dhearbhadh é: agus an tí fuáir na geallamhnacha do fhoráil sé a néinghin,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh Abracham, nuair rinne Dia fromhadh air, d’íodhbair sé Íosóg; an té fuair a raibh geallta, do bhí sé ag íodhbairt a aon‐gheine;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba tríd an gcreideamh a thoirbhir Abracham Íosóg, agus bhi an té sin ar tugadh na gealltanais dó réidh ullamh lena aon mhac a ofráil mar íobairt,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh d' ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a dʼofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus