Hebrews 11:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh, do chuir Ióseph a gcoimhne, ag fagháil bháis dó imtheachd chloinne Isráel as a Néigipt; agus tug sé áithne a dtimchioll a chnámh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh Seosamh, ag saothrú an bháis dó, do luaidh sé imtheacht clainne Israel; agus thug sé órdú i dtaobh a chnámh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is trí chreideamh a luaigh Iósaf eisimirce chlann Iosrael agus a thug sé orduithe i dtaobh a chuid cnámh i ndeireadh a shaoil is a laethanta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus a dʼordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.