Hebrews 11:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh dórduigh sé an túan casg, agus an dórtadh fola, deagla go mbeanfadh an tí do sgríos gach céidghin riusan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh do bhunuigh sé an Cháisc, agus croitheadh na fola, chum nach leagfadh scriosaire na gcéid‐ghein lámh ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is tríd an gcreideamh a rinne sé an Cháisc a chomóradh agus a chroith sé an fhuil, ionas nach mbain-feadh Scriosadóir na gcéad daoine clainne leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a cheiliúir sé an Cháisc agus a dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéad-ghinte le clann Iosrael.