Hebrews 11:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Ierico, tar éis gabhála na dtimchiol seachd lá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh do thuit ballaí Ierichó ar lár, tar a éis dóibh bheith d’á dtimchealladh ar feadh seacht lá.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is tríd an gcreideamh a thit ballaí Iericó anuas, tar éis gabháil mórthimpeall orthu i rith seacht lá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith dá dtimpeallú ar feadh seacht lá.