Hebrews 11:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh nár sgriosadh an mheirrdreach Rahab a naóinfheachd ris an druing do bhí easúmhal, ar dtabhairt aóidheachda uáithe don luchd bratha go síothchánta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh níor scriosadh Rachab méirdreach i n‐éinfheacht leis na daoinibh do bhí easumhal, ó d’fháiltigh sí go síothchánta roimh na spíodóiribh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is tríd an gcreideamh nár scriosadh Rahab an striapach maraon le lucht an díchreidimh, ise a chuir fáilte chairdiúil roimh na spiairí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh nár maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.