Hebrews 11:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghedéon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Iephtaé; agus ar Dháibhi, agus Shamuel, agus ar na fáidhibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus créad eile adéarfainn? Óir ní bhéadh sé d’uain agam labhairt fá Ghedeon, fá Shampson, fá Iefté, fá Dháibhí, fá Shamuel agus fá na fáidhibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus cad eile a déarfainn? Mar ní bheadh mo shá ama agam le bheith ag eachtraíocht ar Ghidéón, Bhárác, Shamson, Iefta, ar Dháibhí agus ar Shamuel agus ar na fáithe go léir—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghideón, ar Bhárác, ar Shamsón, ar Iaftá, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghidéón, ar Bharac, ar Shamsón, ar Iafta, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe.