Hebrews 11:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do clochadh íad, do gearradh ó chéile íad, do cuireadh cathughadh orrtha, do marbhadh ré cloidheamh íad: do bhádar ar seachrán a nunn sa nall a gcroicnibh cáorach agus gabhar, ar mbeith dhóibh a ríachdanus, dá mbuáidhreadh, agus dá gcrádh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
do gabhadh de chlochaibh ortha, do gearradh ó chéile iad le tuireasc, do cuireadh cathuighthe ortha, do marbhadh iad le faobhar claidhimh: d’imthigheadar le fán an tsaoghail, agus croicne caorach agus croicne gabhar umpa: bhíodar beo‐bhocht, fá anró agus fá chrádh (daoine nárbh fiú an saoghal iad),
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhítí ag imirt báis orthu le clocha a chaitheamh orthu, bhítí á ngearradh ina dhá leath le toireasc, bhítí á gcur chun báis leis an gclaíomh; bhídís ag siúl thart gan orthu ach craicne caorach agus craicne gabhar, go lorn, leatromach, léanmhar—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad dá mbuaireamh agus dá gcrá de shíor.