Hebrews 11:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh do fhoráil Abel do Dhía iodhbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnadh fíadhnuise dhó go raibh sé na fhíréun, ar mbeith do Dhía ag déunamh fíadhnuise dhá thiodhlaicibh: agus trés an gcreideamhsin ar bhfagháil bháis dó lábhruidh sé fós.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is tré chreideamh d’ofráil Aibial do Dhia íodhbairt dob’ fhearr ’ná íodhbairt Cháin; agus d’á bhárr sin fuair sé an teist gurbh fhíréan é, Dia ag glacadh le n‐a thíodhlaicthibh: agus d’á bhárr sin labhrann sé fós, agus é marbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is le creideamh a thug Abel íobairt do Dhia ba thait-neamhaí ná íobairt Cháin, inar tugadh teist fhíréin air, agus é mar fhianaise air gur ghlac Dia lena aiscí; agus is trína chreideamh a bhíos urlabhra aige agus é marbh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh d' ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a dʼofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.