Hebrews 11:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith do Dhía ag soláthar dhuinne an neithe as féarr, chum gan íadsan do bheith iomlán ar bhféugmhuisne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir do bhí nidh dob’ fhearr curtha i n‐áirithe ag Dia dhúinne, chum nach bhfoirbhfidhe iad gan sinne bheith leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ó feiceann Dia go bhfuil rud éigin ab fhearr ná é i ndán aige dúinn, ionas nach dtiocfaidís chun feabhas gach foirfeachta gan sinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siadsan le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siad-san le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne.