Hebrews 11:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh, ar bhfagháil fógartha ó Dhía do Naói a dtimchioll na neitheann nach raibh fós ré na bhfaicsin, ar ngabháil fhaitchis do, dullmhuigh sé a náirc do shábháil a thighe féin; tré dhamnuigh sé an domhan, agus do rinneadh óighre na fíréuntachda atá tré chreidimh dhé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is tríd an gcreideamh a thug Naoi aire don rabhadh a thug Dia dó faoi nithe nach raibh le feiceáil fós, agus a thóg sé áirc ar saoradh a theaghlach léi; agus is leis sin a dhaor sé an domhan agus a thit oidhreacht na fíréantachta a bhios ann tríd an gcreideamh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.