Hebrews 11:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh, dúmhlaigh Abraham, ar na ghairm ag imtheachd go hionad noch do gheubadh sé na dhiáigh sin doighreachd; agus do thríall sé roimhe, gan a fhios aige cá háit ann a raibh sé ag dul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh Abracham, nuair fuair sé an ghairm, d’umhluigh sé agus d’imthigh sé amach go h‐áit do bhí le fágháil aige mar oidhreacht ’n‐a dhiaidh sin; agus d’imthigh sé amach, gan a fhios aige cá raibh a thriall.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is tríd an gcreideamh a dʼumhlaigh Abracham nuair a glaodh air á rá leis imeacht chun na háite sin a bheadh mar oidhreacht aige; agus dʼimigh sé gan fios a bheith aige cá raibh a thriall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d' imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; dʼimigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.