Hebrews 11:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As tré chreideamh do chómhnuigh sé a dtír na geallamhna, amhuil a dtir choimhighthe, ar ndéunamh comhnuighe dhó a mbothuíbh maille ré Hísaac agus ré Iácob, comhóighreadha na geallamhna céudna:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tré chreideamh tháinig sé chum cómhnuighthe i dtír tarngaire, i ndúthaigh nár leis féin, ag cur faoi i bpublaibh i n‐éinfheacht le Íosóg agus le Iácób, cómh‐oidhrí leis san aon gheallamhain amháin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is trí chreideamh a bhi sé seal a chuairte i dtír an ghealltanais, ionann is dá mba thír choimthíoch í, agus gan dʼáras cónaithe aige ach pubaill, é féin agus Íosóg agus Iácób a bhí ina gcomhoidhrí ar an ngealltanas céanna leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí chreideamh a chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le hIacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.