Hebrews 12:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is fíor gur smachtuigheadar‐san ar feadh beagáin laethe sinn mar thógradar féin; acht do smachtuigh seisean sinn mar mhaithe linn chum sinn do dhéanamh rannpháirteach ’n‐a naomhthacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Smachtaigh siadsan sinne ar feadh seala bhig mar ab fhearr leo féin é, ach bíonn seisean dár smachtú mar is fearr a oireas dúinn, ionas go mbeimid páirteach ina naofacht féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimis páirteach ina naofacht féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimid páirteach ina naofacht féin.