Hebrews 12:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ag tabhairt aghaidhe ar Íosa, ceann-ródaí agus críochnaitheoir ár gcreidimh, a thug a shúil ar an lúcháir a bhí roimhe, go dtí gur fhulaing sé an chrois, agus gur thug sé dímheas ar an náire, agus atá anois ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d' fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó a dʼfhulaing sé céasadh na Croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de rí-chathaoir Dé.