Hebrews 12:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí an ní do chonncadar comhúathbhasach sin, go ndubhairt Maóise, Atáim lán dfaitcheas agus do chríth:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gabhfar de chlochaibh air; agus do bhí a bhfacadar chómh h‐uathbhásach sin go ndubhairt Maois, Atáim ar baill‐chrioth go mór le neart eagla:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar ndóigh, bhí sé chomh huafásach gan a bheith ach ag amharc air go ndúirt Maois, “Táim ar aon bharr creatha.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: «Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: “Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.”