Hebrews 12:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus chum an coimhthionóil ghinearalta agus eagluis gacha chéidghine, noch atá sgríobhtha ar neamh, agus chum Dé breitheamh na nuile, agus chum spíorad na bhfiréun ndiongmhálta,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go cómhchruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ghein, go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ar neamh, agus chum Dé, breitheamh an uile dhuine, agus chum spioraidí na bhfíréan diongbhálta,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus mar a bhfuil tionól slua ar na céadghinte seo a bhfuil a n-ainmneacha scríofa ar neamh, agus tháinig sibh os comhair an Ollbhreithimh Dhiaga agus i láthair anam-acha na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus comh-thionól na gcéad-ghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,